Stair an Club Seoltóireacht Baile Coimín
Na Blianta Luatha
 
Ar an 8 lá Bealtaine 1960, tháinig dhá fhear déag agus ceathrar ban le chéile in Óstán Teach an Downshire chun club seoltóireachta a bhunú ar
na lochanna i mBaile Coimín. Grúpa mheasctha a bhí ann, Rev Fr Crinion an sagart paróiste,  Michael Rigby Jones, Stiúrthóir Bainistíochta
de Rópa na nGael i nDroichead Nua agus Captaen Pádraig Harboard, a bhíodh ina phríosúnach cogaidh Gearmáinis san Afraic Thuaidh. Bhí Pádraig mar fhórsa tiomána taobh thiar den chlub seoltóireachta agus ba é an chéad Commodore ann. Bhí an chuid is mó de na daoine eile páirteach i dtionscal póraithe na gcapall. Bhí taithí seoltóireachta acu go léir agus bhí sé ar intinn acu an spórt a chur ar fail don phobal áitiúil. Bhí sé níos lú ná fiche bliain ó thógáil an damba i bPoll an Phúca agus cruthú an locha Bhaile Coimín. Gan dabht cheap na daoine áitiúla gur radharc ait é an seoltóireacht gan trácht ar an gcontúirt.
 
Bhí na daoine seo a leanas i láthair ag an gCruinniú Tionscnaimh de Club Seoltóireachta Coimín, a thionóladh ag 6:30 ar Bealtaine 1960, ag an Óstán Downshire, Baile Coimín: 
John Alexander, Esq 
Dr Brian S Freeman 
Capt Cyril Hall 
Phillip Kane, Esq 
V Rev Anthony Crinion, PP 
M Rigby Jones, Esq 
Mrs AG Harboard 
GM Watson Esq, "Enterprise" Class Secretary
Major WHE Welman 
LM Byrne, Esq 
Mrs Eleanor Samuelson 
Lt Col F McCormack 
Mrs Lelia Harboard 
Mrs Cecily Welman 
Capt P Harboard 
WP Macauley, Esq 
Fuarthas leithscéal ó Lt Col JPW Samuelson.
 
Beagnach gach láthair i bhfeidhm maidir le Baill Bhunaitheacht. Ina theannta sin, chuir na daoine seo a leanas iarratas mar Baill Bhunaitheora:
Sir Alfred Beit
Mr P McKeever
Clr J Miley
 
Thogh siad coiste agus chinn siad ar an ainm Club Seoltóireacht Baile Coimín i leaba Club Luamh Baile Coimín, ocht vóta chun a sé. (Bhí said níos mó ná tríocha bliain roimh Cumann Luamh na Gaeilge). Siar said ansin, b'fhéidir chun smaoineamh ar mhéid an phoist a bhí rompu.
 
 
An chéad tasc a bhí rompu ná formheas as an ESB a fháil, chomh maith le Comhairle Contae Cill Mhantáin agus Comhairle Cathrach Bhaile Atha Cliath.  Gan a gcomhoibriú ní féidir bád amháin a sheoladh ar na lochanna. Ag an am sin ní raibh cead ag an bpobal i gcoitinne úsáid a bhaint as maoin stáit i gcúrsaí spóirt.   Bhí imní soiléir faoi féidearthacht truailliú, agus phléigh said ar uimhreacha a theorannú agus ceadanna a bheith
ag teastáil ó chuairteoirí i gcomhair comórtais. Mar sin féin, ba ghrúpa díongbháilte é agus tríd an gcéad dhá bhliain eile, le cuidiú ó dhaoine cosúil
le comhairleoir Séamus Miley agus úinéir an óstáin Louis Byrne tháinig comhlachtaí oifigiúla éagsúla ar bord.
 
Tá an clubtheach suite ar thalamh ESB.  Lena gcuid comhoibrithe agus dea-thoil d'aimsigh an club Seoltóireachta a bhaile, rud a leanann go dtí an lá seo.
 
Tar éis cead a fháil bhí orthu suíomh a aimsiú, áiseanna bunúsacha a chur isteach, baill nua a mhealladh.  Le ballraíocht clainne
san áireamh ón tús, aontaíodh é gur chóir an club dul ar aghaidh ar chostas íseal. Nuair ab fhéidir ba iad na baill féin a chruthódh na háiseanna agus a leanfadh ar aghaidh leis an bhfiontar gan cabhair ó fhoireann gairmiúil. Sa chéad bhliain, ní raibh ach aon bhall fiche, ocht bpunt nócha ó shíntiúis agus mar sin ní raibh rogha acu.  Tríd an bpolasaí seo de chuidiú féin, agus an slí ina tharraingíonn sé daoine fásta agus páistí tá an club tar éis fás agus rath air, maoinithe ag síntiúis measartha.
 
Ba é Dochtúir Brian Freeman an chéad rúnaí. Rinne sé amach suirbhé de na suíomh is fearr agus ansin mhol sé an ceann a úsáideann an club anois.. Ag an am sin bhí cuid mhaith de fluich agus seascannach agus an páirc a úsáidtear anois ba chairéil é. Mar sin féin bhí na féidireachtaí le feiceáil.
 
Lainseáladh feachtas earcaíochta and thosaigh an obair. Thóg a lan oifigigh ón arm ballraíocht.  Cuireadh fáilte mhór rompu de bharr a scilleanna innealtóireachta agus a ndíogras d’obair chrua.
 
An chéad phost a bhí acu ná bóthar rochtana a thógáil, ar a dtugtar an Bóthar Burma, toisc gur saothar oifigeach a thóg é. I gcomharbas mear ina dhiaidh sin tógadh caoí agus bhí cuan á tochailt le hiarracht mór. Bhí rún ann áit a chur ar fáil do leaba ancaire.  Faraoir, go luath ina dhiadh sin bhí an slí isteach líonta le glár agus níor tháinig na cursóirí. Toisc nach raibh a lán airgid ag an gcumann ní raibh le húsáid ach leithreas elsan le roinnt bliainta. Mar sin, bhí teorainn ar bhallraíocht agus ar airgead.  Maionaíodh. na forbairtí le nótaí iasachta.
 
Thosaigh an seoltóireacht ó bhunáit taobh thíos de Dhroichead Baile Coimín. Bhí na pleananna chun an club a láinseáil le comórtas oscailte curtha ar ceal go dtí 1962. I mí Bealtaine na bliana sin, le beannacht an IYA, eagraíodh comórtas rathúil do bháidín Enterprise, Heron agus Firefly, agus bhí an club i mbun gnó go hoifigiúil.
 
Sna blianta a leanas, mheall an comórtas oscailte bliantúil iontrálacha ó gach cearn d'Éirinn mar a cuireadh Finns, 505s, IDRA 14’s agus
Fireballs leis an gclár. Tháinig Baile Coimín Club Seoltóireachta mar chuid den chuaird seoltóireachta go tapaidh, in ainneoin na háiseanna
bunúsacha a bhí ar fáil. Chuir an clú d’eagraíocht maith agus na radharcanna iontacha an áit in aigne an mhairnéalaigh dáiríre.
 
Ba léir anois go raibh gá do chlubtheach.  I ndeireadh 1964 rinneadh cinneadh ar sealla fadaithe a cheannach ó chomhlacht Barney Heron Ltd. de Léim an Bhradáin, ar chostas £590. An t-Earrach seo a leanas bhí sé ar fáil agus chur na baill le chéile é. Usáideadh an foirgneamh umhal seo ag na baill le breis is fiche bliain agus anois tá sé in úsáid mar clubtheach sóisearach.

An Club ag Fás
 
Sna blianta seo a leanas toghadh Col Ned Doyle mar Rúnaí Onórach. Mhair an club na blianta crua seo agus lean Ned ag tógáil ar an dul chun cinn.
 
Ceannaíodh seoladh tarrthála nua a chur in ionad an bád rámhaíochta le outboard seagull a bhíodh againn ag an am.
 
Foilsíodh leabhar rialacha. Críochnaíodh níos mó tírdhreachú agus draenáil, agus sin fáth an chuma atá air anois. Tógadh ar ais píosa den chaireil ar chostas beag mar úsáideadh bruscar ó leathnú bhóthar a rinne an Chomhairle Chontae.
 
Tógadh an bloc leithreas, ag baint úsáide as teicneolaíocht nua, agus réitíodh fadhb mhór. Úsáideadh nótaí iasachta anseo freisin. 
 
Foilsíodh bróisiúr ag liostú na háiseanna, mar shampla bhí cead ag na baill úsáid a bhaint as Enterprise "Venturer" an chlub, saor in aisce.
Bhí teagasc seoltóireachta ar fáil do thosaitheoirí agus sóisearaí. Tugadh faoi deara go raibh sé éasca do chlann i gcarr teacht i gcomhair picnic agus seoltóireacht.  
 
Eagraíodh rásaí DéCéadaoin agus Dé Domhnaigh agus lean caighdeán agus líon na mball ag feabhsú. Tháinig GP14’s, Lasers agus Mirrors agus níorbh fhada gur ranganna tábhachta iad sa chlub.  .
 
De réir na 1970í bhí an clár séasúir socraithe agus tá imlíne ghinearálta fós in úsáid sa lá atá inniu.   Thosaigh na himeachtaí lá oibre i mBealtaine agus lean sé go dtí glanadh agus fail ar ais an bháid tarrthála i mí Dheireadh Fómhair. Ba é pointe ard an tséasúir ná an club regatta i Mí an Mheithimh agus chuir trófaithe O'Rahilly agus Harboard blas iomaíochta ar an  rásaíocht.  Chomh maith le sin bhí cúrsáil i gconmhaigh go sráidbhaile Baile Coimín agus rás na mban. Faraoir ní eagraítear na rásaí seo anois b’fhéidir de bharr cirte polaitiúla. Nó b’fhéidir go raibh na mná in ann an bua a fháil ar na fir ag an am sin.  Mhair lá spóirt na leanaí agus fós tá sé ar cheann de na himeachtaí is
mó a bhfuil tóir air i rith an tséasúir.
 
Sna leabhair nóiméad tugtar cuntas as diospóireacht ar an slí is fearr dualgais tarrthála agus OOD a eagrú.  De réir grúpa amháin ba cheart dúinn róta, déanta suas de sheoltóirí gniomhacha, a fhoilsiú ag tús an tseasuir rásaíochta.  Bhí grúpa eile sásta le sistéim neamhfhoirmeálta.  Bhéidís sásta grúpa a earcú ó na daoine a bhíodh ar an gcladach agus iad in ann an post a dhéanamh leis an oiliúint oiriúnach. Is léir gur cheap said nach leanann daoine rótaí fadtéarmach.  Leanann an díospóireacht.
 
Sna seachtóidí thosaigh an Barbecue Domhnach..Cuireadh barbecue mór i leath bairille díreach tar éis an rás Domhnach. Thug na baill 
a gcuid bia féin chun cócaireacht ar an mbarbecue agus bhain said taitneamh as bia maith agus comhrá suimiúil sa tráthnóna.  D’eagraíodh cuid de na tuismitheoirí a raibh an fuinneamh acu (tagann John Sheridan, Sidney Rowell agus Eddie Deevey ar intinn), cluichí corr í gcomhair na sóisirigh. Níor mhair na cluichí corr ach tá traidisiun an bhairbiciú fós beo.  
 

An Clubtheach Nua
 
Mar a rith na blianta thart, ba léir gur ghá dúinn na háiseanna a fheabhsú.  Bhí na seomraí feistis ró-bheag agus ní raibh ceathanna nó uisce te ar fáil. 
 
Rinneadh suirbhé í 1986 agus ba léir go raibh sé in am rud éigin a dhéanamh faoi sin.  Ach bheadh sé daor agus ní raibh a lán airgead ag an gclub.  Ach bhí roinnt dea-scéal, bhí ball den chlub sásta a sheirbhísí a thairgeadh mar ailtíre, agus bhí an Leas Commodore agus tógálaí máistreachta Dick Roche sásta bheith i mbun an tógáil.  Bhí gach duine sásta leis sin agus socraíodh é go ndéanfaí tosach ar an bplaineáil láithreach. 
 
Laistigh de thrí mhí, bhí líníochtaí imlíne ag Davis agus neasadh go mbeadh £60,000 punt mar chostas air.  Gheobhfaí an t-airgead seo ó  thobhach speisialtaí, líon teoranta de comhaltas saol a dhíol agus gníomhaíochtaí eile. Sa deireadh tháinig an costas iomlán, lena n-áirítear feistis agus electrics go £92,000. Eagraíodh níos mó gniomhachtaí chun airgead a fháil agus tógadh airgead ar iasacht ón mbanc.  . Bhí baill an choiste "i gcomhpháirt
agus go leithleach" mar ráthaitheoirí ar an iasacht.
 
D’oibrigh an fiach mar ionspráid mór do na baill.  Eagraíodh oícheanta rásaí, tráth na gceist, agus rudaí eile.  Ach ba iad na bairbiciú samhraidh na rudaí ba thabhachtaí.  Bhain níos mó ná ceithre chéad aoi taitneamh as na hoícheanta seo.  Uaireanta ní raibh an aimsir rómhaith agus bhí deoch, ceol agus rince faoin bpuball agus chruthaigh sé sin a dhraíocht féin.
 
Agus na gníomhaíochta seo fuadracha seo ar siúl, bhí David Pym ag leanúint ar aghaidh leis na pleananna agus an cead pleanála.
Bhuaigh Mick McGrath & Co Ltd as an Baile Mór, an conradh. Chríochnaigh siad an obair in am agus d’oscail Dick Roche, TD (ní gaol é don leas commodore) an clubtheach i Meitheamh 1989.  Bhí slua mór ann leis an gceol ar fáil ó Bhanna Tamhlacht.
 
Arbh fhiú an t-airgead é? Mar a scríobh tráchtaire amháin ag an am: “D'fhéadfá bheith ag súil le buiséad ollmhór do thionscadal mar seo,
ach in ainneoin na n-oibreacha fairsinge suíomh agus na hábhair saincheaptha a úsáideadh, bhí an costas deireadh níos lú ná an chéad búiséad a rinneadh - moladh chun an choiste agus a ailtire. Tá meas mór ag na baill agus a aoíanna ar an foirgneamh nua drámaíochta. Tá clubtheach
acu atá níosmó ná praicticiúil, tá sé geal agus sona freisin. Ta an clubtheach seo an-oiriúnach dá suiomh, go háirithe nuair atá dathanna geala d’éadaí seoltóireachta timpeall air chomh maith le fuadrach geal na seolta agus na mbád. Ní fheicfidh tú a leithéad”.
 
Mhair an clubtheach go maith le roinnt athrú taobh istigh.   Dá mbeadh an foirgneamh céanna á chur suas sa lá atá inniu, bheadh costas trí huaire níos mó air. Iarrtar ar an gcoiste bheith i mbun rásaí Náisiúnta agus Cúigeach. Bhí an club in ann urraíocht a fháil agus bhí go leor cóisir iontacha tar éis comórtas le cabhair ó Heineken.
 
Bhí Baile Coimín i mbun GP14 Craobh Shóisearaigh i 2003 agus an GP14 Craobh Laighean i 2006 agus 2008.
 
Anois tá an Club ina bhaile ar an gCraobh Intíre Catamaran agus bhí se i mbun an Craobh Náisiúnta Treabhadóireachta Catamaran i 2007.
 
Ó 2000, is stop socraithe é an club do sraith an Lucht Siúil Topper agus tá an Chabhlach Topper Sóisearach ag forbairt. Thionóil an Club an Craobh Laighean Topper i 2002 agus 2004, an Croabh Náisiúnta Treabhadóireachta Topper i 2003, 2005 agus 2009.
 
B’iad na 420’s na cuairteoirí is déanaí chuig Baile Coimín nuair a d'óstaigh an Club  Craobh Laighean na 420’s i 2009
 
  
Nascadh
 
Tháinig an club isteach i socrú le nascadh le Club Seoltóireachta Baile Nua na hArda i 1996. Bhí sé i gceist againn teagmhálacha spóirt thar an teorainn a mhéadu agus an caidreamh láidir a bhí ann cheana féin idir an dá chlub a threisiú.
 
Téann foireann GP14 as an dá chlub in iomaíocht le haghaidh trófaí álainn ó Waterford Glass. Tá an dá chlub oscailte agus cuirtear fáilte mhór roimh baill an chlub eile.  Tá súil ag gach duine go bhfásfaidh cairdeas agus iomaíocht seoltóireachta idir an dá chlub.


Ar an Loch

Ba é polasaí na mbunaitheoirí seoltóireacht ar na lochanna a chur chun cinn agus eagraíodh gníomhaíochtaí eile coimhdeacha le súil ar an gcuspóir sin.
 
Shíl siad go raibh caighdeánú bád riachtanach agus chinn siad ar an Enterprise, ach níor éirigh leo.
 
B’iad GP14’s, Mirrors agus Lasers a d’úsáidtí sna rásaíocht don chéad leath de saol an chlub, agus b’shin an scéal thar na blianta. Tháinig na Catamaran ó Bhré i 1987 agus thosaigh loingeas na Toppers i 2000.
 
Bhí tóir i gcónaí ag an  Mirror leis na sóisearaigh. Ach, d'fhás agus thit a ndíograis thar na blianta. Sna seachtóidí bhí an méid is mó diobh san iomaíocht nuair a bhuaigh Seán Kenny an Teastais Shóisearaigh Náisiúnta Treabhadóireachta. Agus anois sa Mhílaois nua tá a lan daoine óga ag seoltóireacht arís.
 
Tháinig an Laser chun cinn ag an am céanna leis an Mirror. Bhí praghasanna speisialta ar fáil. Thóg Con Murphy, Cathy McAleavey agus Martin Carey páirt ag Craobh na Laser d’Eorpa i 1982. Agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1983, bhí Con Murphy roghnaithe mar cheann d’fhoireann seisear a thaisteal go Gulfport Mississippi Páirt a thógáil i gCraobh an Domhain.
 
Tá lucht leanúna dílis ag na GP14’s.  Bíonn said réidh taisteal agus rás nuair a bhíonn an seans acu. Nior laghdaigh fonn Peter Hannon.  Bhí sé ina sheaimpín máistreacht náisiúnta agus a bhí clú air ar fud na tíre de bharr a chuid rásaíocht agus a scileanna eagrúcháin. Bhí Paul agus Mark Phelan, ar fhoireann Eireannach a thóg páirt í gCraobh an Domhan Soisearach GP14 i Mumbles Sasana i 1983.
 
Sheol Cathy McAleavey agus Ashling Byrne (as an Club Náisiúnta luamh), ar son Eireann sna Cluichí Oilimpeacha  i Seoul sa rang 470 i 1988.
Rinne said an-mhaith i gcoinníollacha deacra cé nach raibh a lán cabhair ón rialtas maidir le hairgead ag an am sin.
 
Chríochnaigh seanfhundúir an club David Coote, agus Dave Constant ar an deich is fearr sa J24 Craobh Domhanda a thionóladh i nDún Laoghaire i 1988.
 
I 1987 thainig catamarans ó Bhré, gné nua do Chlub Seoltóireachta Baile Coimín.  D’fhás an cabhlach go tapa ina bhaile nua agus
d’eirigh leis i gcomórtais náisiúnta.
 
I 1993 bhí áthas an domhain ar Con Murphy agus Cathy McAleavey nuair a fuair said cuireadh ó Steve Fossett bheith ar an bhfoireann a bhris an curiarracht do thuras timpeall oileán na hÉireann gan stad ar an 60ft Trimaran “Lakota”.  Sheol siad ar an “Lakota” ó thuaidh ó Dhún Laoghaire ag am lóin ar an gCéadaoin agus d’fhill said i gcomhair an bhricfeasta ar an Aoine. Scríos siad an curiarracht a bhí ann, i 44 uair, 42 nóiméad agus 20 soicind. Bhuaigh siad an Corn Cork Dry Gin. Tá an trófaí iontach seo á thaispeáint sa Chlub Náisiúnta Luamh agus seasann an curiarracht fós 17 bliain níos déanaí.
 
Sa bhliain 1995, bhris Dermot Mangan agus John Sheeran an curiarracht luas dionga ó Dhún Laoghaire go Holyhead i 7 uair agus 14
nóiméad i nDart 18.
 
Rinne cabhlach catamaran Coimín scuabadh glan ag an Náisiúnta Treabhdóireachta a bhí ar siúl ag an Club Luamh Loch Derg i nDrom Inbhir mí
Mheán Fómhair 1999.
 
Bhuaigh Neil Mangan agus Carl Smith an comórtas Dart 18 agus bhuaigh Cathy McAleavey agus Con Murphy an Comórtas Náisiúnta Hurricane
5.9. Bhuaigh Gary Mangan agus Amy-Jane Lawrence an Comórtas Náisiúnta  Dart 16 agus bhuaigh Dermot McHugh and Julie McGuire an
Comórtas Náisiúnta Dart Hawk.
 
Chuaigh na Catamarans ó Bhaile Coimín ó neart agus d’éirigh go hiontach leo sa Bhreatain agus san Eoraip i 2002. Ghlac Neil Mangan agus
Aisling Clarke an 3ú áit i gComórtas Spitfire na Breataine. Ghlac Neil chomh maith an dara háit i gCraobh Inland na Breataine an uair seo le Raithnait Long. Ghlac Aisling Clarke agus Matt Causon agus Neil Mangan agus Amy Jane Lawrence an 10ú agus 11ú áit i g Craobhchomórtais na hEorpa
 
Le teacht an Mhílaois nua cuirtear béim nua ar oiliúint sa sóisirigh agus ar fhorbairt an chabhlaigh Topper sa chlub. D’éirigh go maith le glúin nua de mhairnéalaigh ag an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
 
Fuair Julie Ryan áit sa chéad deich sa Chomórtas Topper i 2003. Thóg sí an cúigiú áit sa Loingis Chré-umha ag  Craobhchomórtais Topper na
hEorpa i 2004. Thóg Simon MacAree agus Laura Ryan páirt sa loingis airgead.
 
Bhuaigh Maria Dolan an Comórtas Shóisearaigh Náisiúnta ISA i 2007.  Críochnaigh Ben Ó Loingsigh sa dara háit sa Laser Class. Críochnaigh Finn Lynch sa cheathrú háit. Freisin ba é Finn an seoltóir is fearr faoi 12 i gCraobh an Domhain don Topper Lár British Midland. Bhuaigh Rory Lynch an Killaley Topper Traveller an bhliain céanna.
 
An chéad bhliain eile i 2008 thóg Ben Ó Loingsigh an 5ú áit iomlán i gComórtas Laser na hEorpa san Eilvéis, agus thóg Finn an chéad áit i sraith an Topper Traveller.
 
Bhuaigh Finn an bonn airgid i gCraobh Domhanda an Topper san Ostair i 2009. Ba é Finn an chéad mairnéalach Eireannach a bhuaigh comórtas Topper sa Bhreatain i Feabhra 2010 nuair a bhuaigh sé an Magic Marine Winter Regatta i Rutland.. Bhí 188 báid in iomaíocht sa
chéad comórtas den séasúr Topper.


Oiliúint

Ó thús bhí oiliúint seoltóireachta ar fail do dhaoine fásta agus do na sóisearaigh.  Trí scoil oiliúna an tsamhraidh d’fhoghlaim glúine mairnéalaigh óga na scileanna seoltóireachta ó chaighdeán bunúsach go caighdeán ard.
 
Thar na blianta ghlac roinnt de na daoine an fhreagracht a eagrú agus a bhainistiú oiliúint sóisearach an Club.
 
Insna 70's thug Coirnéal Doyle a stíl féin míleata shlí uathúil a íoc. Cuimhne sin againn a chríochnaigh ár oiliúna i lár na seachtóidí sonraí obair eagraithe chun soiléir ar an trá na clocha ar laethanta nuair a bhí an ghaoth chomh láidir le haghaidh seoltóireachta.
 
Insna 80's ritheadh an baitín go Sean Page ar dtús agus as sin go dtí Anna White. Insna 90's ghlac Ted Bowe, Declan Scallan agus Noel O’Brien na freagrachtaí.
 
Ar feadh tréimhse gearr ar na Seoltóireachta Scoil Bhaile Coimín oiliúint ar fáil do na Daoine óga chomh maith le clubanna oiliúint a sholáthar do bhaill an chlub neamh. De réir chuireann oiliúint ar fáil do bhaill an chlub nach Seoltóireachta na Scoile a bhí in ann níos mó solúbthachta a sholáthar maidir le hamanna na Sóisearach Oiliúna. Mar sin féin, thuig an Coiste go bhfuil na bannaí a chéile idir na rannpháirtithe an chúrsa gach bliain a bhí á caillte.
 
Níos déanaí glacadh Gerry Ryan agus Peter Dolan  freagracht as an clár oiliúna a reáchtáil sóisearach. Tá an clár ag dul ó neart go neart mar is léir ag an rath a loingeas na Topper's don Chlub.


Sábháilteachta

Cuirtear béim ar shábháilteacht agus ar chúram gan cuimhneamh ar aoibh an locha.
 
Níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an tragóid marfach a tharla in Aibreán 1972.  Bádh beirt fhear tráthnóna Dé Sathairn gan mairnéalach eile ar an loch. Bhí an aimsir ag dul in olcas agus iad ag fágáil agus ní raibh trealamh oiriúnach ar bord acu.  Chonaic duine an gluaisteán folamh agus cuireadh fios ar na húdaráis sabháltachta.  An mhaidin dar gcionn d’aimsigh héileacaptair ón Aerchór na coirp gar don chladach. Ba cheart duinn déanamh cinnte nach dtarlaíonn tragoid mar sin arís.


Ár gCairde, trócaire orthú.
 
Baron Martin de Robeck (1941-1996)
 
Toghadh an Baron Martin de Robeck mar Ceannasóra i 1968, post a bhí aige go dtí go bhfuair sé bás i 1996. Faoina cheannaireacht bhí rath mór ag an gclub le hocht mbliana fiche, ar an loch agus ar thalamh. Baineadh uaillmhian mór amach nuair a togadh an clubtheach faoi dheireadh.
 
Fear iltréitheach ab ea Mairtin.  Ní raibh tasc ar bith ró-mhór nó ró-bheag dó.  An pluiméireacht a dheisiú nó fadhbanna leis na húdaráis, bhíodh se gcónaí ar fáil.
 
Ní féidir luach a chur ar an obair a rinne sé ar son Club Seoltóireachta Coimín.
 
Peter Hannon ( 2008)
 
D'fhóin Peter Hannon, mar Rúnaí Oinigh an chlub ar feadh blianta fada, agus mar a club Ceannasóra idir 1996 agus 1998.
 
Bhí Peter an mairnéalach cumasach agus a bhí eolas go maith ar i measc na GP agus na pobail Seoltóireachta. Feidhmeoidh Peter ag roinnt de na comórtais mór-óstáil ag Baile Coimín. Eagrúcháin a eolas mór chinntigh seoltóireachta i dteannta a chuid scileanna an rath go leor imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta óstáil ag an gclub.
 
Beidh Peter caillte ag a chaired agus mairnéalach eile.
 
Col E.D. Doyle (1919 – 2009)
 
Bhí Col E.D. (Ned) Doyle, a anailísí cúrsaí míleata cáil agus coigríche a sheirbheáil ar Óglaigh na hÉireann sa bhaile agus thar lear leis na Náisiúin Aontaithe.
 
Thosnaigh Col Doyle ag seoltóireachta le linn a chuid ama ar an Churraigh. Mar thoradh air sin, chuaigh sé féin agus a theaghlach ina mbaill ghníomhacha de Bhaile Coimín Club Seoltóireachta i gContae Chill Mhantáin, áit a bhí bunaithe ar an mairnéalach Churraigh.
 
Bhí Col Doyle mar rúnaí an chlub oinigh ar feadh blianta fada, agus a spreagadh go leor mairnéalaigh óga scileanna a fhorbairt ar an loch agus dul san iomaíocht sa dionga seoltóireacht.
 
Bhí Col Doyle duine uasal réadach agus bhí sé ina láthair iontach le linn a chuid ama sa chlub. Bhunaigh sé caighdeán simplí agus onórach i ngach rud a thug sé: "Ná iarraidh rud éigin a dhéanamh do dhuine ar bith nach mbeadh tú féin."
 
Hugh Browne (2010)
 
Stiúraigh Hugh Browne an club trí thógáil and clubteach nua i 1989, mar Rúnaí Oinigh an Chlub. Bhí Hugh Ceannasóra an Club freisin idir 1999 agus 2001. Bhí  tiomantas Hugh chun an t-éiteas teaghlach agus deonacha don chlub an sainmharc ar a thréimhse mar Rúnaí Oinigh agus Ceannasóra.